Le Déanamh i… Salento (Colombia)

Turas go Feirm Chaife

Tá Salento lonnaithe i gceann de na réigiún caife i gColombia. Is féidir cuairt a thabhairt ar go leor feirmeacha caifé éagsúla ann. Thugamar féin cuairt ar fheirm bheag áitiúil darbh ainm ‘Momoto’, ar imeall an bhaile. Ba í úinéir na feirme a thug an turas treoraithe dúinn timpeall a feirm chaife agus bhí go leor eolais aici faoin gcaife agus na coinníollacha atá de dhíth (conditions needed) chun an planda caife a fhás.

 

 

Bíonn deis agat an caife a bhlaiseadh i ndiaidh na siúlóide. Taispeántar próiseas ullmhúcháin an chaife  do na cuairteoirí, chomh maith le na céimeanna ar fad atá ag le baint amach sular féidir é a ól. Is turas an-suimiúil agus oideachasúil é seo agus tugtar léargas maith duit ar fheirmeoireacht agus ullmhú chaife.

 

 

 

Cluiche Traidisiúnta: ‘Tejo’

Is caitheamh aimsire dúchasach é ‘Tejo’ atá ag muintir na háite i gColombia. Tá cúpla halla Tejo ar fáil i mbaile Salento, agus is féidir le turasóirí dul iontu chun triail a bhaint as. Caithfear meáchan beag miotal (metal weight) a chaitheamh ar thargaid (target) i bpuiteach bog (soft mud). Fágtar pléascán (liathróidí páipéir le gunpowder iontu!) ar na targaidí agus má bhuaileann do mheáchan an targaid bíonn pléascadh beag ann sa phuiteach. Gnóthaíonn na himreoirí pointí má bhuaileann siad an targaid.

img_3926

 

 

Tá an-chuid spraoi i gceist leis seo agus déantar ceiliúradh beag gach uair a bhíonn pléascadh ann. Tá an spórt seo máistrithe (perfected) ag muintir na háite- seasann siad i bhfad ón targaid agus fós féin bíonn siad in ann an targaid a bhuaileadh!

 

 

 

Ionad Amhairc Salento

Tá baile Salento lonnaithe suas ar bhar chnoic i lár sliabhraon (mountain range). Tá sráid choisithe ann atá ceangailte leis an gcearnóg i lár an bhaile. Má leantar an tsráid choisithe sin, treoraíonn sé tú i dtreo cosáin ghéar le céimeanna a théann chuig ionad amhairc ag barr an chnoic. Is féidir na gleannta agus sléibhte mór-thimpeall baile Salento a fheiceáil ón bpointe seo agus is álainn an radharc í, go háirithe nuair atá an ghrian ag dul faoi.

 

 

 

Valle de Cocora

Is gleann é seo atá cóngarach go leor go baile Salento. Faightear síob anseo i jípeanna ó lár baile Salento. Tugtar an t-ainm “Willies” ar na jípeanna seo agus déanann na tiománaithe áitiúla na paisinéirí a phacáil isteach i gcúl an jíp. Is páirc náisiúnta é Valle de Cocora atá mar bhaile do na crainn phailme is airde ar domhan (thart ar 200 troigh in airde!).

 

 

Tá cuma dochreidte ar na crainn agus an tírdhreach atá an-ghlas agus torthúil. Tá raon siúlóide anseo gur gá a leanúint chun na hionaid amhairc éagsúla sa pháirc a shroicheadh. D’fhéadfá an lá iomlán a chaitheamh ag fánaíocht (wandering) sa pháirc álainn seo.

img_4130