Le Déanamh i… Singapore

Gardens by the Bay
Tá muintir na háite an-bhródúil as na gairdíní seo agus ní haon ionadh é. Úsáideann muintir Singapore na gairdíní le dul ag siúl nó ag rith ann. Tá dhá ghairdíní ollmhóra ann i dteach gloine agus is féidir na céadta plandaí áille a fheiceáil ann. Tá eas mór sa teach gloine ar a dtugtar an ‘Cloud Forest’ agus is féidir dul chuig barr an easa ann agus breathnú ar na plandaí ar fad fút. Bíonn seó solais ar siúl gach oíche ann freisin.


Marina Bay Sands Hotel
Is é seo ceann de na foirgnimh is sainiúla dá bhfuil ann. Féachann sé cosúil le trí thúr le bád ar bharr. Is óstán é i ndáiríre agus tá 55 urlár de sheomraí leapa i ngach túr acu. Tá trí bhialann lonnaithe ag barr na dtúr agus tá linn snámha éigríoch ann chomh maith, le radhairc den chathair le feiceáil ann. Tá ionad siopadóireachta ollmhór lonnaithe ag bun an fhoirgnimh. Tá na brandaí is mó le rá ar fad ar fáil anseo, chomh maith le rogha bialanna freisin. Tá an t-óstán seo suite díreach in aice le na gairdíní a luamar thuas agus tá loch os a chomhair chomh maith.

 

Dealbh Merlion

Tá páirc bheag bhídeach suite in aice leis an loch atá taobh amuigh den óstán ‘Marina Bay Sands’ darbh ainm ‘Páirc Merlion’. Tá dealbh den Merlion le fáil anseo. Is siombail náisiúnta an Singeapór é an Merlion, ainmhí atá déanta de chorp éisc agus ceann leoin! Bíonn uisce ag silleadh óna bhéal agus téann na turasóirí ar fad ann chun grianghraf a ghlacadh leis.

IMG_0903 (2)

 

Haji Lane
Is é seo an áit chrochann na daoine cruthaitheacha amach! Tá go leor siopaí ealaíona agus ceirde ar fáil anseo chomh maith le roinnt caiféanna deasa. Is sráid choisithe í seo agus tá atmaisféar réchúiseach ar an sráid chúng seo.

Bugis Street
Tá margadh áitiúil suite ar an sráid seo. Is margadh gnóthach é seo, áit ar féidir rud ar bith a cheannach ann idir éadaí, leabhair, gréithe agus bia. Tá ionad siopadóireachta anseo freisin le gnáth siopaí ann.

 

Little India
Tá muintir na cathrach seo tagtha ó thrí ghrúpa eitneach- muintir na hIndia, na Síne agus na Malaeisia. Tá ceantar beag faoi leith darbh ainm ‘Little India’ agus bailíonn muintir na hIndia anseo in oirthear na cathrach. Tá siopaí, margadh agus bia Indiach ar fad ar fáil anseo, agus mothaíonn tú amhail is go bhfuil tú san India féin sa cheantar beag seo!

 

Sentosa Island
Is oileán é Sentosa i ndeisceart na cathrach agus is gá skytrain a fháil le dul trasna chuige. Tá go leor le déanamh ar an oileán seo ó thaobh siamsaíochta de. Tá roinnt páirceanna siamsaíochta ar an oileán, chomh maith le tránna áille agus bialanna deasa. Tá sean droichead ar thrá Palawan a théann trasna chuig mion oileán, agus deirtear gurb é seo an pointe is faide ó dheas san Áis!