Tá clú agus cáil ar chathair Sydney san Astráil mar gheall ar an infreastruchtúr, tránna agus an tslí beatha réchúiseach atá ann.
Dar ndóigh, tá suíomhanna mór le rá ann ar nós an Áras Ceoldrámaíochta Sydney (Opera House), Droichead Cuan Sydney agus Cuan Darling. Tá dhá trá áirithe ann áfach a aithneodh an-chuid daoine, toisc go mbímid ag féachaint orthu go minic ar ár scáileáin!
Palm Beach (Summer Bay!)
B’fhéidir go n-aithneofá Palm Beach toisc gurb é an áit a dhéantar taifeadta ar an sobaldráma mór le rá – Home and Away. Trá ‘Summer Bay’ a bhíonn i gceist sa chlár!
Má leanann tú an clár teilifíse, ba cheart duit cuairt a thabhairt ar an áit seo, suite uair an chloig ón gcathair. Tá go leor gnéithe ón gclár le feiceáil ann; an trá fada álainn, an ‘Diner’, siopa éisc Alf agus an club surfála. Deirtear go ndéantar taifead ar an gclár ann ón Luan go Céadaoin, agus is minic a fheictear na haisteoirí i mbun radharc a thaifead! ach fiú munar féidir leat dul ann ar na laethanta sin, is féidir dul ann chun cúpla grianghraf a ghlacadh agus an seit taobh thiar duit!
Gan trácht ar Home and Away is áit fíor dheas í ar aon nós le dul ag snámh, ag surfáil nó ag siúl ann. Tá bialanna deasa ann freisin le lón nó dinnéir ar fáil iontu agus radhairc áille acu.
Bondi Beach
Is é Bondi an trá is mó atá i Sydney agus tagann na mílte duine anseo gach lá. Is anseo a dhéantar taifeadta ar an gclár faisnéise, Bondi Rescue. Leanann an clár seo gnáth seachtainí oibre a bhíonn ag na gardaí tarrthála ann, agus na himeachtaí dochreidte a dtarlaíonn ann. Tá 13 sraith den chlár déanta go dtí seo agus tá thart ar 13 eipeasóidí i ngach ceann acu. Is minic a bhaineann an clár le turasóirí ag dul ag snámh cé gur ndúradh leo gan sin a dhéanamh. Ansin, bíonn ar an bhfoireann dul amach san fharraige chun iad a shábháil, ach ní bhíonn sé éasca orthu sin a dhéanamh, agus bíonn an clár lán le haicsin agus dráma – cé go mbíonn fíor scéalta i gceist. Tá go leor daoine cáiliúla tar éis bheith ar an gclár chomh maith mar aíonna speisialta, leithéidí de Zac Efron, Hugh Grant agus Russell Crowe.
Is áit álainn í Bondi Beach ar aon nós áfach, gan trácht a dhéanamh ar an gclár. Muna mbíonn an fharraige ró-gharbh, is áit iontach í le dul ag snámh nó ag surfáil. Is trá gnóthach é i gcónaí agus bíonn an-chuid daoine ag luí na gréine no ag imirt cluichí sacair nó eitpheile ann chomh maith. Tá siúlóid chósta gur féidir a dhéanamh go Trá Bondi ó thrá eile darbh ainm Coogee. Is siúlóid dheas í a mhaireann dhá uair an chloig. Téann tú thar cúpla trá eile ar an mbealach agus thar ailte beaga freisin le radhairc dochreidte acu.