Le Déanamh i… Dubai

Stopamar i Dubai ar an mbealach ar ais ón Indinéis. Bíonn an teocht idir 40-50’c i rith an tsamhraidh agus tá sé dúshlánach go leor aon eachtraí faoin aer a dhéanamh i lár an lae! Bhí cúpla moladh faighte againn ó chairde linn agus seo hiad na imeachtaí a bhaineamar triail astu…

Sahara Safari
Ar chostas €40 and duine, is féidir tráthnóna den chéad scoth a chaitheamh amuigh i bhfásach an Sahara. Baileofar tú ag do chuid lóistín timpeall 3i.n agus ansin tá tiomáint 45 nóiméad i gceist go dtí go sroicheann tú an chéad stop- áit ar féidir cuadrothar a fháil amach ar cíos chun tiomáint timpeall go leor dumhcha.
Tar éis tamaill, rachaidh tú ar aghaidh sa charr arís, ach an uair seo, tógfaidh an tiománaí sibh tríd an bhfásach é féin. Is tiomáint an-shultmhar é mar níl aon bhóthar ann agus bíonn sibh ag tiomáint thar na dumhcha ar luas an-thapa. Stopfaidh sibh i lár an fhásach ansin agus beidh deis agaibh sleamhnú síos na cnoic gainimh ar bhord.
I ndiaidh sin, rachaidh sibh go dtí campa an chomhlacht agus is féidir dul ar dhroim camaill chun féachaint ar luí na gréine. Ansin faigheann gach duine dinnéir agus milseog amuigh faoin aer agus cuirtear siamsaíocht ar fáil chomh maith (rinceoirí áitiúla) sular bhfillfidh sibh chuig cathair Dubai.

img_0993
Dubai Mall & Burj Khalifa
Is é seo an Ionad Siopadóireachta is mó ar domhan. Tá méid 13milliún troigh chearnacha ar an ionad; sin níos mó ná caoga páirc peile! Tá os cionn 1,200 siopa san ionad, agus is féidir le gach saghas earra a cheannach ann! Tá eas mór le feiceáil ar thaobh amháin den ionad agus uisceadán mór suite i lár an ionad- áit ar féidir leat na céadta saghas iasc a fheiceáil ag snámh timpeall agus tú i mbun do chuid siopadóireachta!
Tá an fhoirgneamh is airde ar domhan, An Burj Khalifa, suite taobh amuigh den ionad. Is féidir dul ar turas go barr an fhoirgnimh chun radhairc a fháil den chathair ar fad.
Chomh maith leis sin, cuirtear Taispeántas Uisce ar fáil taobh amuigh den ionad gach oíche. Bíonn sé ar siúl gach leathuair ó 19:00-23:00 agus is cosúil go mbíonn an t-uisce ag rince leis an gceol agus soilse!

img_1084

Mall of the Emirates
Is ionad siopadóireachta mór eile é seo. Tá gach saghas siopa ann arís, ach an rud a sheasann amach faoin ionad seo ná go bhfuil ionad sciála tógtha taobh istigh de! Is féidir dul ag sciáil nó ag clársciáil ann – fiú má bhíonn an teocht 40’c taobh amuigh den ionad. Tá sé an-spéisiúil féachaint ar na daoine i mbun sciála fiú muna bhfuil fonn ort féin triail a bhaint as!

img_1108
Dubai Marina & Jumeirah Beach
Is féidir an Dubai Marina a fheiceáil ón Marina Walk. Bíonn go leor bád agus luamh galánta le feiceáil ann, agus bíonn turas báid ar fáil ón muiríne freisin más maith leat cathair Dubai a fheiceáil ón bhfarraige.
Tá ceantar Jumeirah suite in aice leis an muiríne agus tá rogha mór bialanna ar fáil anseo cois trá. Is beár agus bialann é an club trá Barasti, atá lonnaithe ar an trá dar ndóigh, agus is féidir na leapacha gréine agus linn snámha a úsáid gan chostas.

img_1049

Madinat Jumeirah Souk
Margadh áitiúla a bhíonn i gceist le ‘Souk’. Díoltar go leor seodra, éadaí áitiúla agus earraí traidisiúnta anseo. Tá roinnt bialanna ann freisin a bhfuil radharc an-mhaith acu den óstán cáiliúil ‘Burj al Arab’. Tá bialann anseo darbh an Pai Thai, agus caithfidh tú bád beag a fháil chun an bhialann a shroicheadh!