As na hOileáin Ghréagacha ar fad, is í Santorini an cheann is mó le rá. Is minic a fheictear Santorini ar bharr liostaí ceannphointí do mhíonna meala, agus deirtear go bhfuil an luí gréine is fearr ar domhan le feiceáil ó bharr an oileáin. Tá dhá bhaile móra ar Santorini – Fira agus Oia. Is é Oia an baile a théann gach duine le féachaint ar an luí gréine, ach tá Fira níos saoire le fanacht ann agus tá níos mó siopaí le fáil anseo freisin.
Tá go leor imeachtaí gur féidir tabhairt faoi ar Santorini agus rogha breá tránna ar fáil chomh maith. Bealach deas leis an oileán a fheiceáil ná gluaisrothair nó cuadrothar a fháil ar cíos agus tiomáint timpeall na háite don lá, ag dul ó bhaile go baile nó trá go trá.
Más fearr leat roinnt ama a chaitheamh ar an uisce, is féidir dul ar thuras báid don lá- nó leath lá, agus na tránna agus bailte éagsúla a fheiceáil ón bhfarraige. Stopann an bád in aice le tránna difriúla agus is féidir léimt isteach san fharraige agus dul ag snámh san uisce breá úr. Feicfidh tú tránna bolcánach le gaineamh dubh nó dearg orthu agus gnáth tránna le gaineamh bán. Ag brath ar an bpacáiste a roghnaíonn tú, is féidir lón agus deochanna saor in aisce bheith agat le linn an turais álainn seo. Críochnaíonn an turas ag bun an bhaile Oia agus is féidir leat fanacht ansin don tráthnóna nó síob (saor in aisce) a fháil ar ais chuig do chuid lóistín. Bhaineamar an-shult as an turas seo; mhair an eachtra ar fad sé uair an chloig, agus bhí costas €100 air, ach b’fhiú go mór é, eispéireas iontach a bhí ann!
An rud is fearr le déanamh um thráthnóna ná dul go baile Oia nó Fira agus do scíth a ligint ann. Is féidir píosa siopadóireachta a dhéanamh nó suíochán a fháil i gceann de na beáir le radharcanna ann den chaildéara. Is áiteanna iontacha iad seo le féachaint ar luí na gréine thar an Muir Aeigéach. Déan cinnte dul ann luath go leor le suíochán a fháil agus deoch a ordú, ionas gur féidir leat fíor-shult a bhaint as an radharc dochreidte seo. Bíonn daoine an-tógtha leis an radharc seo agus is minic a thugann na sluaite bualadh bos mór don luí gréine agus é thart, amhail is gur seó nó taispeántas a bhí ann!