Le Déanamh i… Nua Eabhrac


Central Park

Tá cliú agus cáil ar an bpáirc poiblí seo atá lonnaithe faoi scáth na foirgnimh ilstóracha ar oileán Manhattan, Nua Eabhrac. Tá na mílte radharcanna ó scannáin éagsúla lonnaithe ann, agus mar sin mothóidh tú go bhfuil aithne agat ar an áit cheanna féin agus tú ar shiúlóid ann don chéad uair.

Tá cúpla loch ann, mar aon le an-chuid páirceanna daorchluiche agus rinc le scatáil oighir a dhéanamh.

Úsáideann na milliún daoine i Nua Eabhrac é dá ngáirdín cúl; tá na mílte daoine le feiceáil ann ag rith nó ag siúl ar na cosáin gleoite. 

Is áit síochánta í le dul ar shiúlóid ann agus le héalú ón gcathair gnóthach ar feadh tamaill.

(Dealbh Alice in Wonderland i Central Park)

Rockefeller Centre

Is ilstórach spéire ollmhór é seo, atá lonnaithe ar 5th Avenue i Manhattan.  Tá rinc oighir agus roinnt bialanna agus siopaí ag an Rockefeller Centre ag leibhéal na sráide. Um Nollaig, bíonn crann Nollaig in airde ag bun an fhoirgnimh a bhíonn maisithe ó bhun go barr.

Is féidir an ardaitheoir a fháil go dtí barr an Rockefeller, ‘Top of the Rock’, áit a bhfuil radharcanna do-chreidte 360′ den chathair le feiceáil ann. Costas: $30



Brooklyn – Williamsberg

Is anseo a d’fhanamar fad is a bhíomar ar cuairt i Nua Eabhrac. Bíonn costas an-ard ar óstán ar oileán Manhattan, ach is féidir fanacht i Brooklyn ar phraghas níos ísle agus níl ann ach turas 15 nóiméad ar an subway go dtí lár na cathrach.

Tá réimse an-leathan bialanna (bain triail as Joe’s Pizza!) agus tithe tabhairne ar fáil sa cheantar seo. Is iomaí siopa éadaí dara láimhe (thrift store) atá ann freisin. Tá aitmeasféar deas ann le an chuid daoine óga agus ealaíonta ina gcónaí ann.



World Trade Centre

Tá an pháirc chuimhneachán lonnaithe san áit a raibh na Twin Towers sular scroiseadh iad i 2001. Tá dhá pholl cearnógach ollmhór ann ina n-áit anois le huisce ag silleadh iontu agus tá ainmneacha na ndaoine a maraíodh scríofa ina dtimpeall. Is páirc chiúin í seo agus is ait an spás folamh a fheiceáil nuair atá tú timpeallaithe ag foirgnimh ollmhóra. Ní féidir ach bheith lán le mothúcháin brónacha agus tú ag smaoineamh ar an méid a tharla ann. 



Siopadóireacht

Dar ndóigh, ní féidir dul go Nua-Eabhrac gan píosa siopadóireachta a dhéanamh!  

Is ionad siopadóireachta asraon (outlets) é ‘The Mills’ ag Jersey Gardens, agus is féidir bus fillte 40 nóiméad a fháil ó lár na cathrach ar chostas $15. Tá thart ar dhá chéad siopaí anseo agus réimse leathan praghsanna agus brandaí ar fáil, ó H&M agus Nike go Michael Kors agus Ugg. Tá lascainí iontacha ar fáil i roinnt siopaí agus ní haon ionadh é gur bhuaileamar le go leor Éireannach eile ann a tháinig go Nua Eabhrac díreach chun píosa siopadóireachta a dhéanamh! 



Times Square & Broadway

A bhuí le scannáin, cláir teilifíse agus na meáin cumarsáide, tá nach mór gach duine ar domhan tar éis súil a leagadh ar an gcearnóg cáiliúil Times Square ag am éigin. Meán-lae nó meán-oíche, is áit an-gheall í Times Square i gcónaí agus í gnóthach le na mílte daoine ag dul tríd.

Sa cheantar chéanna le Times Square, aimseofar Broadway, an áit ina bhfaightear an saol siamsaíochta beo i Nua Eabhrac. Tá os cionn céad amharclanna éagsúla scaipthe amach thar Broadway agus ceoldráma, dráma, seó grinn, seó rince nó taispeántas draíochta ar siúl iontu gach uile oíche. Chuamar chuig Jersey Boys agus Matilda a fhad is a bhíomar ann agus siamsaíocht beo den chéad scoth a bhí i gceist!