Le Déanamh i… Cósta Ríce

Turas lae – Páirc an Bholcáin Arenal 

Tá an baile La Fortuna lonnaithe faoi scáth an bholcáin bheo- Arenal. Is féidir turas lae nó leath lae a dhéanamh sa foraoisí báistí agus an bolcáin ann. Rinneamar an turas leath lae agus bhí neart san áireamh sa phacáiste sin. Tógadh ar shiúilóid muid tríd an foraois bháistí agus bhí go leor le feicéail ann – froganna, dúlra dúchasach, droichead luascadh agus easanna. Tá na treoraithe an-eolasach faoin áit agus insítear stair na háite agus an bholcáin duit.


Ar an mbealach ar ais ón siúlóid, stopamar ag linn san abhainn, áit gur féidir snámh ann. An rud atá an-tharraingteach faoi ná gur fhoinse the (hot springs) atá i gceist agus tá an t-uisce deas te agus is féidir do scíth a ligean ann ar feadh tamaill.

Costas Turas Leath Lae: $30



Raftú Bánuisce

Is iomaí slí gur féidir taisteal ó bhaile amháin go baile eile i Costa Rica – bus, tacsaí, mionbhus ach tá bealach amháin ann gur féidir do lá taisteal a chaitheamh ag déanamh gníomh spraíúil agus do cheann scríbe a shroichint ag an am céanna – raftú bánuisce. Is féidir do thuras a chur in áireamh le comhlacht turasóireachta a thógfaidh tú ar thuras raftú ar an mbealach chuig do cheann scríbe. Chuamar ar mhionbhus go dtí an abhainn Pacuare agus tugadh caint sabháilteachta dúinn ar an mbealach. Bhí an tádh linn toisc go raibh sé ag stealladh báistí an lá roimhré agus bhí an abhainn lán agus ag bogadh an-tapa, coinníoll a dhéanadh an eachtra ar fad níos spraíúla fós!


Chuamar ar rafta teannta lenár ngrúpa agus bhí seachtar againn sa bhád san iomlán. Ba é ceann de na gníomhaíochtaí is taitneamhaí a rinneamar riamh! Bhí orainn obair fhoirne a dhéanamh chun dul tríd na fánsruthanna ar fad agus comhairle ár dtreoraí a leanúint ionas nach dtitfeadh muid thar bord. Ag bpointe amháin thánamar ar cuid den abhainn a bhí deas séimh agus bhí an deis againn léimt isteach agus píosa snámh agus pleidhcíocht a dhéanamh. 

Chaitheamar 4 uair a chloig san iomlán ar an uisce agus chuireamar 40km taobh thiar dúinn sa slí seo. Bhí briseadh againn don lón ar bhruach na habhainn- rinne na treoraithe bord dá rafta agus d’ullmhaigh siad béile fajitas dúinn le glasraí úr. Bhí sé an-dheas bheith suite ar bhruach na habhainn i lár dufair Costa Rica agus béile breá lámhdéanta a ithe! 


I ndiaidh an raftú tógann an bus tú go dtí cibé óstán nó brú ina bhfuil tú ag fanacht sa chéad bhaile eile.

Costas Raftú agus taisteal ó Arenal go Puerto Viejo: $80


Tránna Puerto Viejo

Tá Puerto Viejo suite i ndeisceart Costa Rica ar thaobh an mhuir Chairib agus tá atmaisféar réchúiseach, séimh ann. Tá roinnt tránna áille ann a breathnaíonn díreach mar a shamhlófá tránna an Chairib- gaineamh bán, uisce glan gorm agus crainn pailme. Is fiú rothar a fháil ar cíos agus rothaíocht chuig na tránna éagsúla atá lonnaithe in aice le baile Puerto Viejo. Tá gaineamh dubh ar an trá ‘Playa Negro’, is féidir dul ag tonnmharcaíocht ar ‘Playa Cocles’ agus is trá ciúin é ‘Punto Uva’ gur féidir dul ag snorcláil ann.

Costas Rothar ar cíos don lá: $6

Costas bord tonmharcaíochta don lá: $15

Jaguar Rescue Centre

Tá an tearmann ainmhí seo lonnaithe 5 nóiméad ó bhaile Puerto Viejo agus is fiú go mór bualadh isteach chuig an ionad. Is ionad athshlánú é an ‘Jaguar Rescue Centre’ a thugann tearmann agus cabhair do ainmhithe atá tinn nó gortaithe.Tá réimse mór de ainmhithe dúchasacha acu san ionad – sloths, moncaithe, jaguars agus parrots ina measc.Tá turas treoraithe ar fáil ó na hoibrithe ann agus tugtar an-chuid eolas duit faoi na hainmhithe ann.

Costas: $30