Le déanamh i… San Francisco 

Golden Gate Park

Tá an Golden Gate Park lonnaithe ar thaobh iathar na cathrach. Os rud é gur chathair le daonra dlúth ann- úsáideann muintir San Francisco í mar a ngairdín féin. Tá go leor le feiceáil agus le déanamh sa pháirc seo; 

  • Gairdín Seapánach : $8
  • Gairdín Botanical: $8
  • Iarsmalann De Young: $26 (ach saor in aisce tar éis 4.30i.n gach Máirt)
  • Cúrsa ‘Disc Golf’: Saor in aisce 
  • Club theach Mion Bhád Seolta: Saor in aisce 
  • Tearmann Bison: Saor in aisce
  • Hardly Strictly Bluegrass Fesitival gach Deireadh Fómhair: saor in aisce

Ocean Beach
Is trá é seo ar chósta an aigéin Pacific i gcathair San Francisco. Is féidir surfáil anseo nuair atá an borradh go maith ann.

Is minic faraor a bhíonn an trá seo faoi scamall ceo toisc go bhfuil iar San Francisco mar chuid de mhion aeráid; áit a mbíonn sé scammallach de shíor.

Golden Gate Bridge

Is droichead cailiúil é seo a tógadh i 1933 agus a cheanglaíonn San Francisco le Marin County. Is féidir tiomáint thar nó rothar a fháil ar cíos agus an droichead a thrasnú ar. Tá go leor áiteanna gur féidir stopadh ar taobh Marin County den droichead le pictiúir a fháil den droichead ag an Vista Point, Fort baker nó Conzelman Road.

Costas Rothar a fháil ar cíos: $30



Oileán Alcatraz

Is oileán é Alcatraz i gcuan San Francisco. Ba phriosuin é i gcomhair 29 bliain ó 1924 go 1963 agus an suíomh ar coimeádadh na príosúnaigh is dáinséirí i Meirceá. Is féidir an bád a fháil amach go dtí an oileán ó Pier 33. Tá turas cluas treoraithe den phríosúin ann agus físeán stairiúil le feiceáil ann freisin. Tá an-chuid éileamh ar an turas seo agus is gá do thicéad a chur in áireamh ar a laghad coicís roimhré.

Costas Ticéad: $35



Fishermans Wharf

Tá Fisherman’s Wharf lonnaithe ag Pier 39 ar an Embarcadero. Tá go leor bialanna agus siopaí anseo agus tá an-chuid siamsaíocht sráide ann freisin idir ceoil beo, draíadóir agus Ferris Wheel. Tá na céadta mór-rón Calafoirniach le feiceáil anseo freisin.

Turas Chuig Fíonghoirt

Tá an-chuid fíonghort agus fíon déanta i gCalifornia agus sa cheantar ó thuaidh ó San Francisco ach go háirithe. Is féidir dul ar turas lae chuig na fíonghoirt agus na cineál fíon ar fad a bhlaiseadh.

Costas turas chuig fíonghort: $70 an duine don lá.



Ceantar Castro

Deirtear gurb é San Francisco príomhchathair domhanda do mhuintir LGBT agus is léir seo má thugann tú cuairt ar cheantar Castro leis na bratacha agus trasbhealaí ildaite atá scaipthe ar fud an cheantar. Bíonn féile sráide ann uair sa mhí freisin ar an gcéad Domhnach de gach mí agus is fiú dul ann ar an lá sin más féidir.

Ollscoil Stanford

Tá Ollscoil Stanford ar cheann de na hOllscoileanna is mó clú ar Domhan. Tá campas dochreidte álainn ann le an-chuid áiseanna. Tá cuid de na foirgnimh ainmnithe i ndiaidh iar mhic léinn rathúla a thugann na milliúin dollar in urraíocht don ollscoil gach bliain. 

Palo Alto agus Silicon Valley

Is ceantar é Silicon Valley ó dheas ó San Francisco. Tá roinnt de na comhlachtaí teicneolaíochta is mó ar domhan lonnaithe anseo, Facebook, Apple agus Google ina measc. Is féidir cuairt a thabhairt ar champas Facebook. Cé nach féidir dul isteach sna foirgnimh, is féidir grianghraf a fháil ar an mbealach isteach agus is minic a bhíonn ócáidí poiblí ar siúl ann sa charrchlós.