Firicí Fánacha – Vancouver

1) Is cathair fíor shláintiúil í Vancouver a chuireann béim ar an rothaíocht, siúl, rollerblading agus fiú clárscátáil mar shlí taistil. Sna páirc ar fad tá dhá raon éagsúil ar fáil, ceann amháin do choisithe agus ceann eile do na rothaithe. Anuas ar sin, tá cúirteanna leadóige, cispheile agus eitpheile agus fiú linn snámha faoin aer ar fáil go forleathan timpeall na cathrach agus iad saor in aisce don phobail.

2) Tá go leor sléibhte sciála lonnaithe ar imeall Vancouver. Ó mhí Bealtaine go dtí an Samhain bíonn siad ar oscailt do shiúlóirí agus rothaithe. Is féidir siúl suas agus ardaitheoir sciála a fháil síos (The Grouse Grind mar shampla) nó in áit mar Whistler, is féidir gondola a fháil go dtí an barr agus rothú síos.

3) Tá an-chuid eachtrannaigh ina gcónaí i Vancouver- go leor acu ó Éire, ach den chuid is mó, is as an Áis dóibh. Tá níos mó bialanna ón Sín, an tSeapáin agus an Chóiré ann ná aon mór-roinn eile. 

4) Tógadh an droichead cáiliúil ‘Lions Gate Bridge’ ag clann Guinness, cheannaigh siad os cionn 4,700 acra talaimh i British Colombia.

5) Níl mórán tithí tábhairne sa chathair, is bialanna iad den chuid is mó le ceadúnas alcóil acu. Tá áfach, an-chuid Brewery (grúdlann) áitiúil i Vancouver. Is féidir dul chucu agus ‘flight’ a ordú ar $8, mar chuid de sin roghnaíonn tú ceithre saghas beorach éagsúla a ndéantar sa Brewery agus tagann siad i ngloinní 175ml ionas gur féidir leat iad ar fad a bhlaiseadh.

6) Tá luach 10c ar gach búidéal gloinne a bhailítear- is minic a fheictear daoine gan dídean ag siúl thart ag bailiú buidéal ón trá agus na sráideanna.

7) Fanann an chuid is mó daoine gan dídean ar aon shráid amháin i lár na cathrach; sráid Hastings. Deirtear gur chuireadh brú orthu ar fad bogadh ann i 2010 nuair a bhí na Cluichí Oilimpeacha ar siúl ann ionas go mbeadh cuma ghlan ar an gcathair do na turasóirí ar fad.

8) Is féidir le muintir Vancouver clárú le comhlachtaí cairr, mar shampla, Evo, agus carr a fháil ar cíos chun tiomáint timpeall na cathrach, oibríonn an córas mar an gcóras rothair i mBaile Átha Cliath.

9) Bunaíodh an siopa caife Tim Hortons i gCeanada agus is é an biashlabhra is mó sa tír- tá níos mó brainsí acu ná McDonalds agus Starbucks fiú.

10) Tá go leor scéimeanna dearfacha i bhfeidhm i gcathair Vancouver le sprioc acu chun daoine a chur i ndea-ghiúmar. Ceann an-shuimiúil ná ‘Keys to the Streets’; gach lá cuirtear roinnt pianó ildaite in áiteanna poiblí timpeall na cathrach (ar thránna, i bpáirceanna, ar na príomhshráideanna…) agus is féidir le duine ar bith iad a sheinm saor in aisce agus ceol a dhéanamh don phobail.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s