Oileán Fraser

Oileán gainimh is ea oileán Fraser, atá suite in oirthear na hAstráile. Chuamar ann ar feadh dhá lá mar chuid de thuras eagraithe.

Bhí thart ar tríocha duine sa ghrúpa linn agus tugadh gluaisteán 4×4 do gach seisear.

IMG_9392

Chuamar chuig oileán Fraser ar bhád beag agus ansin thiomáineamar timpeall an oileáin ar an ngaineamh! D’athraigh na tiománaithe gach uair an chloig ionas go raibh deis ag gach duine tiomáint. Thóg na treoraithe muid chuig Loch Mackenzie i lár an oileáin; ait le gaineamh bán agus uisce gorm, agus cé go raibh an t-uisce fuar, bhí gach duine sásta léimt isteach ann!

IMG_9296

D’fhanamar i bpubaill in ionad campála agus tugadh bia dúinn chun dinnéar a ullmhú lenár ngrúpaí. Bhí cistin faoin aer san ionad agus bhí an-spraoi ag gach duine ag caint is ag damhsa don oíche in aice le tine chnámh! Bhí daoine ann ó gach cearn den domhan agus b’álainn an rud é aithne a chur ar dhaoine de náisiúntachtaí éagsúla.

IMG_9338

D’éirigh muid go luath ar an dara lá agus thiomáineamar chuig aillte arda le radhairc áille ar fáil uathu. Bhí an t-ádh linn súil a leagadh ar dhá mhíolta móra ag léim amuigh san fharraige fiú! Bhí linnte uisce in aice le na haillte darbh ainm na ‘Champagne Pools’. Bhí siad ar nós tobáin cuilithe (Jacuzzi) toisc go raibh na tonnta ag briseadh ar na clocha ann gach nóiméad agus ag cruthú go leor cúrán sna linnte. Bhí deis againn dul ag snámh ann ach bhí teocht an uisce an-fhuar!

IMG_9406

Um thráthnóna, thiomáineamar chuig abhainn leisciúil agus shuíomar i bhfáinní inséidtigh (inflatable rings) chun ár scíth a ligean agus muid ar snámh ar an abhainn!

IMG_9433

Ar an mbealach ar ais chuig an ionad campála, stopamar in aice le longbhriseadh (shipwreck) darbh ainm SS Maheno. Bhí an long in úsáid ag an Nua Shéalainn sa Chéad Chogadh Domhanda, agus mar línéar lasta (ocean liner) ina dhiaidh sin, ach scriosadh í i stoirm fharraige agus thuirling sí ar oileán Fraser i 1935. Níor bhogadh í ó shin.

IMG_4971

D’ullmhaíomar dinnéar inár ngrúpaí arís don dara oíche agus ansin shiúlamar ar fad chuig an trá a bhí lasta ag an ngealach. Bhí orainn cúpla bata a thógáil linn chun muid féin a chosaint mar tá cónaí ar go leor diongónna fiáine ar an oileán. Dúradh linn go raibh siad contúirteach agus go ndéanfadh siad ionsaí ar thurasóirí más rud é go rabhamar ró-chóngarach leo. Mar a tharla sé, chonaiceamar cúpla ceann an oíche sin, ach níor tháinig siad inár dtreo agus bhí an-oíche ag gach duine!

IMG_9330

Ba é seo ceann de na turais is fearr a rinneamar riamh, agus ní féidir linn a dóthain moladh a thabhairt don áit álainn nádúrtha seo, Oileán Fraser!