Ar an mBóthar Arís!

Dia Dhaoibh a chairde!

Gabhaimid ár leithscéal libh nár scríobhamar le déanaí- ní raibh mórán taistil ar bun againn faraor!

Ach! Beimid ag cur tús leis an gcéad turas eile an tseachtain seo chugainn agus an bheirt againn ag súil go mór leis!!

Beimid ag taisteal le haghaidh sé seachtaine agus seo plean an turais:

Malaysia (2 lá) – An Astráil (3 seachtain) – Indonesia (seachtain amháin) – Singapore (2 lá) – Dubai & Abu Dhabi (4 lá)

Coimeád súil ar an mblag agus tabharfaimid eolas daoibh ar na rudaí is fearr le déanamh sna tíortha éagsúla sin!