Le déanamh i… Nicaragua

Volcano Boarding – Léon

Is gníomh dochreidte í seo atá an-difriúil ó rud ar bith eile a dhéanfaidh tú. Tugtar bord adhmad duit le suí ar agus sleamhnaíonn tú síos an sliabh ar fad fé mar a dhéanfá sa sneachta- seachas go bhfuil tú ag sleamhnú síos ar na luathraigh de bholcán beo!
Caithfidh tú an Bolcán a dhreapadh ar dtús le do bhord ach is siúlóid réasúnta éasca é seo. Is féidir an Bolcán beo a fheiceáil nuair a shroicheann tú barr an tsliabh, tá an talamh fút chomh te gur féidir ubh a fhriochadh ann! Téann tú síos an sliabh ar luas lasrach ar an mbord- is beag smacht a bhíonn agat, ach is mó an spraoi a bhíonn i gceist leis!

Costas: €30

​​

Dreapadh Bolcáin – Ometepe

Is oileán é Ometepe i lár Loch Nicaragua. Is féidir turas lae a eagrú chun ceann de na bolcáin a dhreapadh. Tagann treoraí áitiúil leat agus tugann sé eolas duit ar na feirmeacha a shiúlann tú tríd, chomh maith le heolas faoin nádúr agus na hainmhithe dúchasacha a gconaíonn ann (go leor moncaithe san áireamh!). Is fiú go mór an dreapadh crua sa teocht ard a dhéanamh mar tá radharcanna áille le feiceáil ag an radharc phointe ar barr.

Costas €15


Fuaráin Nádúrtha – Ometepe

Is linn snámha nádúrtha é seo atá lonnaithe sa dufair ar oileán Ometepe. Is minic a bhíonn aimsir the ann agus is faoiseamh iontach é an linn fionnuar seo. Tá an t-uisce glan agus trédhearcach ann agus is áit dheas í le do scíth a ligean.

Costas: €2 

Turas Tonnmharcaíochta- San Juan del Sur

Is baile cois farraige é San Juan del Sur ar chósta an Aigéin Chiúin. Tá rogha mhór tránna surfála ann agus is féidir an trá a roghnú ag brath ar an gcumas surfála atá agat. Faigheann tú bord ar cíos ó cheann de na siopaí tonnmharcaíochta sa bhaile agus tugtar síob duit chuig an trá don lá. Tá tonnta deasa ann agus tá an fharraige deas te ann ionas nach gá culaith uisce a chaitheamh.

Costas: €15



Sunday Funday – San Juan del Sur

Tá clú agus cáil ar an ócáid seo, ‘pool crawl’, a bhíonn ar siúl gach Domhnach i San Juan del Sur. Is cóisir é a mhaireann don lá iomlán! Bogann an cóisir go dtí trí láthair éagsúla i rith an lae, agus linn snámha ag gach ceann acu. Tá beár, linn agus DJ a bhíonn ag seinm ceol ard sna trí háit a dtéann tú. Is bealach iontach é le bualadh le daoine eile agus cóisir cheart a bheith agat.

Costas: €30